Do leanbh agus an dátheangachas
Seol ceist faoi do leanbh agus an dátheangachas chuig gaeilge@paistilegaeilge.com .
Ceist: Tá mé buartha faoin méid focal Béarla atá á n-úsáid ag m'iníon (5) nuair a bhíonn sí ag labhairt Ghaeilge. Céard is féidir liom a dhéanamh?
A Chara: De ghnáth, bíonn páistí ag an aois sin ag úsáid focail Bhéarla ina gcuid Gaeilge muna mbíonn na focail Ghaeilge ar eolas acu nó nuair a bhíonn úsáid d’fhocal éigin ó Bhéarla an-choitianta i nGaeilge. Mar shampla, leis an abairt, "Tá mé ag rá 'cúig and a half'" seans nach mbíonn an páiste ag úsáid an leagain "go leith" go minic as Gaeilge ach tá "half" aige as Béarla. Le habairt mar, "Tá mé ag iarraidh lolly," tá an focal "lolly" i bhfad níos coitianta i nGaeilge ná "líreacán" in áiteanna mar Chonamara.
Más mian leat go mbeadh stór focal ilghnéitheach nó stór focal mór ag do pháiste, caithfidh sí a bheith ag éisteacht agus ag labhairt Gaeilge chomh minic agus is féidir léi. An mbíonn seans aici Gaeilge a labhairt le páistí eile agus le daoine fásta? An mbíonn raidió as Gaeilge ar siúl agat sa bhaile? An mbíonn sí ag breathnú ar Cúla4? Is féidir leat taifeadadh a dhéanamh de na cláir theilifíse agus féáchtaint orthu go minicDúirt páiste amháin, "Tá tochas orm leis an mblaincéad sin." D'fhreagair an tuismitheoir (a bhí ag foghlaim na Gaeilge), "Céard é tochas?" "Itchy" a dúirt an páiste. Níor fhoghlaim an páiste an focal "tochas" ón tuismitheoir ná sa scoil, ó SpongeBob Squarepants ar Cúla4 a fuair sé é!
Nuair a bhíonn tú ag múineadh focal nua di, bí cinnte go leor deiseanna a thabhairt di an focal a chloisteáil i rith seachtaine amháin nó mar sin. Mar shampla, bhíodh páiste amháin ag rá, "Cuir chugam mo thractor uaine." Bhí an tuismitheoir ag iarraidh an focal “tarracóir” a mhúineadh dó. Rinne an tuismitheoir iarracht an focal “tarracóir” a úsáid chomh minic agus ab fhéidir leis. "Ó, is é do tharracóir atá uait; Seo duit é." "Cá bhfuil do tharracóir anois?" "Féach ar an leabhar seo. Tá tarracóir dearg ann." …Agus mar sin de.
Slí amháin eile le focal nua a úsáid go minic ná scéal a insint di. Is breá le páiste scéal a chloisteáil sa charr nó roimh dhul a chodladh. Nuair a bhíonn tú ag cumadh scéil, déan iarracht aon fhocal nua atá tú ag iarraidh a mhúineadh di a úsáid cúpla uair sa scéal sin. An bhfuil aon smaoineamh eile ag ár léitheoirí? Scríobh chugam agus cuirfidh mé bhur moltaí suas anseo.
leis an Ollamh
Tomás Ó h-Íde

|
|

Nuair a bhí mé óg...
[Ar tógadh tú le Gaeilge? Scríobh chugainn do scéalsa.]
Nuair a bhí mé óg – sílim go bhfuil go fóill, go bhfeicim na páistí beaga ar a mbealach abhaile ón scoil náisiúnta anseo ar an Chaisil i nGleann Cholm Cille. Agus mé ag amharc orthu cúpla bomaite ó shin, shílfeá gur inné a bhí ann agus muid ag gáirí gan buairt ar an dóigh chéanna.
Ó thaobh na Gaeilge de, bhí sé suimiúil domsa de bharr gur tógadh le Gaeilge mé sa teach ach nuair a bhí mé amuigh ag imirt le cairde, ba i mBéarla a bhí sin den chuid ba mhó. Bhí ormsa ghabháil dhá thaobh de mo theach leis an súgradh sin a dhéanamh, teaghlach amháin a labhair Gaeilge den chuid is mó agus an teaghlach eile arbh é an Béarla a dteanga. Bhí mise i mo aonar sa chlann agus ní raibh an darna suí sa bhualaidh ann ach bheith amuigh leo.
Ach ansin thiocfadh mo laetha saoire! B'iad na laetha saoire a bhíodh ann ná imeacht suas an bealach mór, míle go leith, go teach mo ghaolta - áit ar labhraíodh Gaeilge, maidin, lá agus oíche, istigh agus amuigh. Ní raibh Béarla le cluinstin agus ba seo an dóigh ab fhearr liomsa é. Bhí an greann níos fearr i nGaeilge agus, ar dhóigh éigin, bhí na trodanna fosta! Thiocfadh an tseanmhuintir isteach achan oíche ar chuairt agus thosódh cluichí cártaí mall go maith san oíche. Bhínnse agus mo cholceathracha inár suí taobh istigh de dhoras an tseomra codlata, é foscailte giota san dóigh go mbeadh na hargóintí uilig le cluinstin againn agus na seanfhir leis na píopaí, le feiceáil, iad báite ina gcuid cearrbhachais.
Ní raibh mórán Béarla agam, más é go raibh focal ar bith, go ndeachaigh mé ‘na scoile agus mé ceithre bliain d’aois. Ar ndóigh, ag an am sin, agus mar atá inniu, ba é an Béarla teanga súgartha an chlóis scoile ach ba í an Ghaeilge an teanga teagaisc. Thig liom a rá, is dócha, gur buntáiste de chinéal a bhí ann seo, de bharr go dtig a rá go bhfuil mo chairde agus mé fhéin, atá den aois chéanna dá-theangach go hiomlán; athraíonn muid ó Ghaeilge go Béarla agus ar ais gan stró.
Na páistí beaga a chonaic mé ar an mbealach abhaile ón scoil cúpla bomaite ó shin, ní bheidh, faraor, siadsan mar a gcéanna!
Liam Ó Cuinneagáin
|