Iml. 1, Uimh. 8
 

Do leanbh agus an dátheangachas

Seol ceist faoi do leanbh agus an dátheangachas chuig gaeilge@paistilegaeilge.com .

Ceist: Bím ag labhairt Gaeilge an chuid is mó den am le mo chuid páistí agus tá Gaeilge agus Béarla líofa acu. Amanta, nuair a bhuailimid le duine fásta a bhfuil Gaeilge aige/aici, bíonn an duine sin ag iarraidh Gaeilge a labhairt le mo chuid gasúir. Bíonn mo chuid páistí cúthail agus ní labhraíonn siad focal. Céard a mholfá?

A Chara: Is ceist an-mhaith í sin. Tuigim go bhfuil tú ag caint faoi ghasúir a bhfuil Gaeilge agus Béarla acu ó aois an-óg agus mar sin a bheidh mo chuid moltaí sa chás sin. Tá difríocht le feiceáil anseo idir páiste le teanga amháin (mar shampla, Gaeilge amháin nó Béarla amháin) agus páiste dátheangach. Má bhíonn gasúr le teanga amháin ciúin, deirtear gur páiste cúthail é, go bhfuil faitíos air, agus rudaí eile mar sin. Ach le gasúr dátheangach, le cailín óg, abair, má bhíonn sí ciúin os comhair duine nua, bíonn cúis bhreise leis. Tá seans ann nach bhfuil sí sásta Gaeilge a labhairt leis an strainséir.

Uaireanta, bíonn iontas ar dhaoine go bhfuil Gaeilge líofa ag páiste ar bith taobh amuigh den Ghaeltacht. Cuireann sé sin brú ar ár gcuid páistí óga a bheith mar sórt ambasadóirí don Ghaeilge. Níl sé sin ceart ná cóir ar ghasúr 5 nó 6 bliana d'aois.

Go minic le mionteanga, bíonn an teanga á húsáid sa bhaile amháin, mar theanga dár muintir féin. Labhraítear í le cairde, sa séipéal, agus le haon Ghaeilgeoir eile atá mar chuid dár muintir féin. Ach má bhíonn cónaí ort i mBaile Átha Cliath, i gCarraig Mhachaire Rois, nó i Nua-Eabhrac, labhraítear Béarla le haon duine nua, le haon strainséir.

Mar sin, i gcás do pháiste, is gnáthrud é Béarla a labhairt le duine nua agus beidh sé mínádúrtha Gaeilge a labhairt le strainséir. Níl sé chomh deacair againne mar dhaoine fásta, ach le páiste 5 nó 6 bliana d'aois, beidh sé deacair go leor Gaeilge a labhairt le strainséir nuair atá tuiscint ag an ngasúr gur Béarla a labhraíonn gach strainséir.

Bhuaileamar le cara sa pháirc le déanaí. Tá Gaeilge aige agus bhí a fhios aige gur Gaeilge a labhraím le mo chlann. Ach ní raibh aithne ag mo chuid gasúir air. Thosaigh sé ag labhairt i nGaeilge leo agus bhí sé soiléir nach raibh siad sásta freagra a thabhairt air. D’fhreagair mise a chuid ceisteanna gan leithscéal ar bith a thabhairt. Níl mé ag iarraidh mórtas a dhéanamh as an méid Gaeilge atá ag mo cuid páistí agus muide inár gcónaí anseo i Nua-Eabhrac. Is cuma liom céard a cheapann daoine eile. Ní chaithfimid aon rud a léiriú.

leis an Ollamh
Tomás Ó h-Íde

 

Nuair a bhí mé óg...

[Ar tógadh tú le Gaeilge? Scríobh chugainn do scéalsa.]

Fearacht Wellington breá fadó, is i stábla strainséartha (Baile Átha Cliath) a rugadh mé féin freisin ach gur i mBoth Chuanna, láimh leis an Spidéal, i nGaeltacht Chois Fharraige a tógadh mé. ’Sé m’áit dhúchais é cé nach ann atá mo dhúchas; ba as Contae Mhaigh Eo m’athair Ted (go ndéana Dia grásta air) agus mo mháthair Sally. Sa mbliain 1972, nuair a d’aistrigh m’athair agus mo mháthair siar go Conamara, bhí an Ghaeilge á labhairt go tréan ag óg agus aosta agus ba dheacair dul chun cinn sa bpobal mura raibh sí agat. A mhalairt de scéal atá anois ann.

Más sa mbaile a fuair mé bunchloch na Gaeilge, is ó sheanóirí an bhaile a fuair mé a friotal. Bhí Gaeilge mhaith ag mo thuismitheoirí (nuair a chuimhneofá gurb é an Béarla a bhí ó dhúchas acu) ach níorbh í Gaeilge na háite í. Gaeilge bhinn bhlasta Mhaigh Eo a bhí ag mo mháthair agus meascán di sin agus de Ghaeilge Chonamara a bhí ag m’athair. Ba é nós na haimsire sin go siúlfadh na gasúir ar scoil, míle ann agus míle abhaile. Ba bheag tráthnóna nach i mo shuí cois claí a bhínn agus mé ag caint is ag comhrá le seanfhir an bhaile agus iad ag spraeáil fhataí san earrach nó á mbaint sa bhfómhar. ‘An raibh mórán tíos [ar an Spidéal]?’, ‘An bhfuair tú aon sleaip?’ nó ‘Meas tú an raibh a leithéid seo de dhuine thíos?’ agus mar sin de. Ba ghearr gur thosaigh mé ag tabhairt liom dul agus nathaíocht mhuintir an bhaile agus ag foghlaim rudaí nach gcloisfinn go brách sa mbaile (is ní locht ar an mbaile é). Nuair a bhí mé trí bliana déag, fuair m’athair tape recorder dom agus as go brách liom ar fud na mbailte ag bailiú ‘stair áitiúil’ (mar a thugainn féin air) ón seandream. Thosaigh mé ag breacadh seanfhocla agus leaganacha cainte i leabhra nótaí. Ansiúd a thosaigh an tsuim sa nGaeilge. Tá mé á foghlaim ó shin. Is beag lá dá dtagann nach mbíonn rud nua le foghlaim agam faoin nGaeilge – idir Shean-, Mheán- agus Nua-.

Dhá shaol strainséartha (nó parallel worlds) atá sa Spidéal inniu – saol na Gaeilge agus saol an Bhéarla. Seans go raibh cuide de sin ann riamh anall – ó aimsir na dTiarnaí Talún, na gCoastguards agus na bPeelers. Ach is furasta do dhuine lonnú san áit anois agus gan oiread Gaeilge agus a chuirfeadh an madadh as an teach a fhoghlaim. De dhéanta na fírinne, is beag an míbhuntáiste ar dhuine gan aon Ghaeilge a bheith aige óir is ag lagan atá tábhacht na Gaeilge mar thréith a shainíonn an ceantar agus an pobal. Ní dóigh liom go mbeidh aon Ghaeilge sa Spidéal faoi cheann leithchéad bliain. Ach más amhlaidh go mbíonn, ní chaillfear go brách í. Deir lucht an dóchais gurb iad na blianta beaga seo romhainn uair na cinniúna. Deir lucht na fírinne go bhfuil an dochar déanta cheana féin. Neosaidh an aimsir nó Time will tell!

 

Feargal Ó Béarra


 
 

 

Léirmheas: Bliain na nAmhrán, Tadhg Mac Dhonnagáin (1997/2004)

Is clasaic é an dlúthdhiosca seo, Bliain na nAmhran, a fuair a chéadeisíúint in 1997, 16 amhrán cumtha agus canta ag Tadhg Mac Dhonnagáin, nó “Futa Fata Féasóg” mar a thugann Tadhg air féin mar ainm cleite. Bainfidh idir pháistí agus thuismitheoirí spré as na hamhráin bhinne bhríomhara seo. Téann na hamhráin trí cheithre shéasúr na bliana, ceithre amhrán in aghaidh gach ráithe, ón Earrach go dtí an Geimhreadh. Tá acmhainn ghrinn spraoiúil Thadhg le sonrú in an-chuid de na hamhráin, mar shampla, in ‘Ni Maith Liom an Scoil’, amhrán i stíl rac-cheoil faoi mhúinteoir atá ag gearán go han-leanbaí dá mháthair faoina dhul ar ais ar scoil sa bhFómhar:

 

 
 

‘A Mhamaí, ní féidir liom an iógart sin a thabhairt ar scoil....Ní itheann éinne iógart bándearg. Beidh na múinteoirí eile ar fad ag gáire fúm!’

(Dála an scéil, is múinteoir scoile é Tadhg Mac Dhonnagáin.) Críochnaíonn an t-albam le ceann de na hamhráin is fearr de chuid Thaidhg Mhic Dhonnagáin, ‘Imíonn an tAm’:

‘Imíonn an t-am, a stór, casann an domhan mór, Geimhreadh, Earrach, Samhradh’s Fómhar, imíonn an t-am.’

Amach anseo, léireofar sraith theilifíse bunaithe ar na hamhráin seo, Katie and Rookie, do pháistí réamhscoile.

Tagann an dlúthdhiosca le leabhrán lándaite ina bhfuil focla na n-amhrán go léir ar fáil.

Agus is féidir na liricí ar fad a íoslódáil, agus éisteacht le samplaí de roinnt de na hamhráin, ach cliceáil ar an nasc seo: http://www.futafata.com/Bliain.html. Is féidir an dlúthdhiosca, Bliain na nAmhrán, a ordú go díreach ó FutaFata.com, ar €14.99 (postas saor in aisce).

Bliain na nAmhrán

Futa Fata, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, Éire

Léarmheas le Seán Mac Giolla Ghunna