Páistí le Gaeilge

Márta 2006

Do leanbh agus an dátheangachas

leis an Ollamh
Tomás Ó h-Íde

Ceist: Bíonn mo fhear céile ag labhairt Béarla lenár gclann agus mé féin ag labhairt Gaeilge leo. Is Béarla a labhraítear sa chréis. Tá mo mhac, atá dhá bhliain go leith d’aois, ag freagairt as Béarla amháin liom anois nuair atá mé ag caint as Gaeilge leis. Céard is féidir liom a dhéanamh? - Gaillimh

A Chara: Tarlaíonn an cás seo go minic ag an aois sin. Seo duit cúpla moladh duit.

Má tá tú i do phríomh-eiseamláir le Gaeilge sa teaghlach, tá sé tábhachtach gurb í an Ghaeilge amháin atá á labhairt agat le do mhac. Nuair a labhraíonn sé Béarla leat, ba cheart duit cur in iúl dó gurb í an Ghaeilge an teanga ab fhearr leat labhairt leis.

Má deir sé, “Go outside?” is féidir leat “Céard a dúirt tú? Dul amach? O, ba mhaith liom dul amach” a rá leis. Mar sin, tá tú ag insint dó go bhfuil deacracht agat an abairt a thuiscint (Céard a dúirt tú?) agus ag an am céanna, tá tú ag tabhairt sampla maith dó (ba mhaith liom dul amach) le húsáid an chéad uair eile.

Nó sampla eile, má deir sé, “Ba mhaith liom ice cream,” is féidir leat a rá, “Céard é ice cream?” nó “Ní thuigim ice cream.”

Tar éis duit an abairt "Céard a dúirt tú?" nó "Gabh mo leithscéal" a rá cúpla uair, beidh tú in ann í a ghiorrú go dtí "Céard?"Mar shampla, An Leanbh: “I no know.” An Duine Fásta: “Céard?” An Leanbh: “Níl a fhios agam.”

Uaireanta, cuirfidh an leanbh an teachtaireacht chéanna chugat tar éis “Céard” a rá ach ní hé sin an t-aistriúchán litriúil. Is cuma faoi seo. Mar shampla, má deir an leanbh “the door lock now” agus deir tú féin “céard?” tá seans ann go mbeidh an leanbh ag freagairt, “Oscail é.” Tá an páiste ag labhairt as Gaeilge leat, ag insint duit céard atá uaidh, agus is é sin an t-aon aidhm amháin atá agat.

Má tá an iomarca focal nua le foghlaim, uaireanta, ní bheidh fonn ort “céard?” a rá. Mar shampla, nuair a thagann leanbh abhaile ón gcréis le pictiúr a rinne sé le péint, ag rá rud éigin ar nós “orange,” “pink,” “blue,” srl., tabhair an t-aistriúchán dó. Mar shampla, An Leanbh: “Blue.” An Duine Fásta: “O, tá péint ghorm ann. Gorm. Abair ‘gorm.’”

Na déan dearmad go mbíonn na leanaí sa chéim seo ar fad tréimse fhada. Ní bheidh siad in ann Béarla amháin ná Gaeilge amháin a labhairt má tá siad dátheangach ar feadh píosa. Tá sé nádúrtha go mbeidh siad ag meascadh teangacha ag an chéim seo.

Seol ceist faoi do leanbh agus an dátheangachas chuig tomas@paistilegaeilge.com .

Is é Tomás Ó h-Íde Stiúrthóir d'Institiúid an Léinn Ghael-Mheiriceánaigh in Ollscoil Chathair Nua-Eabhrac (CUNY). Bronnadh céim dochtúireachta air sa Teangeolaíocht Fheidhmeach i 1998 (Coláiste na Tríonóide). Is fear pósta é Tomás agus tá beirt leanbh dátheangach acu.

 

 

 

Nuair a bhí mé óg...

[Ar tógadh tú le Gaeilge agus Béarla? Scríobh chugainn do scéalsa.]

Tógadh le Gaeilge mé. Ní cuimhin liom am nach raibh an dá theanga agam. Bhí mé in ann Gaeilge a léamh agus a scríobh roimh Béarla. Níor thosaigh mé ag foghlaim conas Béarla a léamh agus a scríobh go dtí aois a seacht. Is nós sna Gaelscoileanna é seo. Dar liom ní rud ró-mhaith é mar i mo chás-sa, níor bhaineas amach caighdeán sách ard i mBéarla go dtí go raibh mé thart ar 15. Bhí náire orm toisc nach raibh Béarla scríofa maith agam, agus anois fiú tá Gaeilge scríofa níos fearr agam ná Béarla.

Agus mé ag fás aníos, bhíodh m'athair ag labhairt Gaeilge liom, nuair a bhíos an-óg, ba chuma liom cén teanga a bhí á labhairt againn. Ach nuair a shroich mé b'fhéidir aois a 13 d'iarrainn air Béarla a labhairt liom mar nach raibh Gaeilge “cool”. Bhíodh náire orm Gaeilge a labhairt lasmuigh agus nuair a bhíodh cairde liom (as scoileanna Béarla) i mo theachsa, ní labhraínn aon Ghaeilge le m'athair. De ghnáth, ní éistíodh m'athair liom agus is Gaeilge amháin a labhraíodh sé liom. Bhíodh daoine ag stánadh orainn agus muid ag spalpadh i nGaeilge. Níor theastaigh uaim bheith éagsúil agus Gaeilge a labhairt. Níor lean sé seo ach ar feadh tuairim is trí bliana. Ní raibh na háiseanna ar fáil mar atá ann anois. Níorbh é an gnáthrud é do pháiste a chur ar scoil lánghaelach mar is dócha sna hochtóidí, bhí meon iomlán éagsúil i dtaobh na Gaeilge ná mar atá ann inniu. Fad is a bhí mise ar scoil, bhíodh páistí i scoileanna eile ag magadh faoi scoileanna lánghaelacha; ba rud neamhchoitianta é freastal ar scoil áit a labhraítí Gaeilge amháin (seachas ar feadh daichead nóiméad 'chuile lá fad is a bhí rang Béarla ar siúl.)

Ta sé cruthaithe go mbaineann daltaí ó scoileanna lánghaelacha na torthaí is fearr amach i scrúdaithe an Stáit; dar liom tá roinnt fáthanna le seo. Tá meon iontach maith i leith staidéir sna scoileanna seo agus tagann a lán tacaíochta ó na tuismitheoirí. Go hiondúil is scoileanna cuíosacha beag iad, rud a chabhraíonn leis na daltaí bheith níos éifeachtaí ina gcuid oibre. Tá an-chuid scoileanna lánghaelacha ag oscailt ar fud na tíre le roinnt blianta anuas. Is rud iontach maith é seo i dtaobh na Gaeilge ach uaireanta bíonn páistí ag freastal ar na scoileanna seo mar a theastaíonn óna dtuismitheoirí go mbainfidh siad toradh maith amach san Ardteist agus is cuma leo faoin nGaeilge.

Rugadh agus tógadh Elaine Ní Bhraonáin i mBaile Átha Cliath. Tá sí ina conaí i Nua-Eabhrac le dhá bhliain go leith anuas. Oibríonn sí mar Chomhordaitheoir an Chláir in Institiúid an Léinn Ghael-Mheiriceánaigh (CUNY) sa Bhronx i Nua-Eabhrac. Is múinteoir Gaeilge í agus scríobhann sí colún Gaeilge don nuachtán Irish Echo. Bhain sí máistreacht amach sa Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. D’oibrigh sí i Roinn Bhéaloideas Éireann roimh theacht go Nua-Eabhrac di.

Foinsí

Suímh Idirlín

Dlúthdhioscaí

Leabhair & Fístéipeanna

Nuachtáin

 

Fáilte!

Fáilte chuig "Páistí le Gaeilge." Is í aidhm an tsuímh seo gach eolas faoi pháistí a thógáil le Gaeilge agus Béarla a chur in áit amháin. Anseo sa Lárionad Taighde ar Fhoghlaim na Gaeilge in Institiúid an Léinn Ghael-Mheiriceánaigh, tá an-suim ag na teangeolaithe i do cheisteanna agus do thuairimí. Scríobh chugainn le haon cheist, le focail don Fhoclóirín, nó le himeachtaí atá agat.

Léirmheas

Rabhlaí Rabhlaí

Is cnuasach d'amhráin, rannta agus dánta traidisiúnta é seo atá an-áisiúil do pháistí ó aois a 2 do dtí a 6. Tá dearadh álainn ar an leabhrán agus is féidir é a léamh agus an dlúthdhiosca ar siúl; tá na rannta cuíosach gearr agus éasca le foghlaim. Giorraíonn sé turas i gcarr freisin; is iontach an rud é le cur ar siúl agus na páistí sa charr agat.

Tá difríocht ollmhór le brath i 'chuile rann. Tá siad bríomhar, sona, greannmhar agus fiú brónach agus beagáinín scanrúil. Nochtaítear na mothúcháin seo uilig agus an páiste ag éisteacht leis an dlúthdhiosca agus ag léamh an leabhráin. Is aoibhinn leis na páistí an t-athrá a dhéantar sa mbailiúchán seo. Is é an rud a thaitníonn liomsa ná na glórtha éagsúla atá le cloisteáil. Is daoine iad ar gach cineál aoise agus tá blas ar leith ag gach ceann acu. P áistí ó bhunscoileanna Chorca Dhuibhne agus an scéalaí Bab Feiritéar (nach maireann) atá le cloisteáil ar an dlúthdhiosca.

Ar fáil: http://www.litriocht.com/shop/
product_info.php?manufacturers_id=
&products_id=1685

ISBN 0 906096 09
€15.99

Foclóirín

Cén Ghaeilge a chuirtear air seo?

* síothadóir

*ciúnaitheoir

* dúidín

*gobán súraic

Abair linn cén focal atá in úsáid agaibh sa bhaile agus cén fáth.

Seol freagra chugainn go focloirin@paistilegaeilge.com

Eolas Teagmhála

Lárionad Taighde ar Fhoghlaim na Gaeilge
Institiúid an Léinn Ghael-Mheiriceánaigh
188 Halla Carman
Coláiste Lehman
Ollscoil Chathair Nua-Eabhrac
250 Bedford Park Blvd. W.
Bronx, NY 10468
Fón: ++1-718-960-5531
Facs: ++1-718-960-5550
larionad@paistilegaeilge.com

Foireann

Seán Mac Giolla Ghunna
Comhairleoir
sean@paistilegaeilge.com

Elaine Ní Bhraonáin
Comhordaitheoir
elaine@paistilegaeilge.com

Máire Ní Neachtain
Comhairleoir
maire@paistilegaeilge.com

Tomás Ó h-Íde
Stiúrthóir
tomas@paistilegaeilge.com