| Aibreán 2006 |
|---|
Do leanbh agus an dátheangachas leis an Ollamh
Má tá Gaeilge mar chéad teanga ag tuismitheoir amháin agus neart Gaeilge ag an tuismitheoir eile, ba cheart dóibh Gaeilge amháin a labhairt leis na páistí freisin. Gan dabht, beidh na tuismitheoirí ag labhairt as Béarla le chéile ó am go ham. Ach beidh sibh in ann úsáid a bhaint as Gaeilge amháin leis na gasúir ar aon nós.
Má tá neart Gaeilge ag tuismitheoir amháin agus Béarla amháin ag an tuismitheoir eile, is féidir le gach tuismitheoir a theanga féin a labhairt leo. Is é sin mo chás féin. Tá Gaeilge mar dara teanga agamsa ach ní raibh Gaeilge ar bith ag mo bhean chéile nuair a rugadh an chéad leanbh di. Labhraím Gaeilge amháin leis na gasúir, labhraíonn mo bhean Béarla amháin leo, agus labhraíonn mo bhean agus mé féin Béarla eadrainn. Ag cúig bliana d'aois agus trí bliana d'aois dóibh, labhraíonn na páistí Gaeilge amháin liom i gcónaí.
Nuair atá mé i mBaile Átha Cliath nó i Nua-Eabhrac labhraím Gaeilge leis na páistí sna siopaí agus in áit ar bith eile. Má tá tú ag tógáil clainne le Gaeilge amháin, beidh sé sin nádúrtha. Ach má tá Gaeilge agat mar dhara teanga, beidh ort iarracht a dhéanamh Gaeilge a labhairt go poiblí gach seans a gheobhaidh tú. Má tá tú ag baint úsáide as an modh le tuismitheoir amháin ag labhairt Gaeilge agus an tuismitheoir eile ag labhairt Béarla, beidh sé deacair a bheith ag freastal ar imeachtaí as Gaeilge amháin (mar shampla, Aifreann as Gaeilge nó cóisir do Ghaeilgeoirí). Má tá an tuismitheoir le Béarla ann, beidh na páistí ag caint as Béarla. Mar sin, ní oibríonn an modh sin go maith sa Ghaeltacht. Seol ceist faoi do leanbh agus an dátheangachas chuig tomas@paistilegaeilge.com .
Is Stiúrthóir ar Institiúid an Léinn Ghael-Mheiriceánaigh in Ollscoil Chathair Nua-Eabhrac (CUNY) é an tOllamh Tomás Ó h-Íde . Bronnadh céim dochtúireachta air sa Teangeolaíocht Fheidhmeach i 1998 (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath). Is fear pósta é Tomás agus tá beirt leanbh dátheangach acu.
|
Nuair a bhí mé óg...[Ar tógadh tú le Gaeilge agus Béarla? Scríobh chugainn do scéalsa.] Tógadh mise le Gaeilge agus le Béarla i nGaeltacht Thír Chonaill sna seascaidí. San am sin, Gaeilge amháin a labhraíodh cuid mhór daoine. Bhí aithne agam féin ar roinnt mhaith acu sin ag éirí aníos. Gaeilge amháin a labhair mo mháthair linn uilig agus Béarla a bhíodh ag m'athair linn. As Tír Chonaill ó dhúchas do mo mháthair agus tógadh le Gaeilge í féin. Lucht gnó a bhí i mo mhuintir. Bhí Ostán Mhic Pháidín acu i nGort A'Choirce. Bhí daoine den bharúil gur Béarla amháin a bheadh againne mar pháistí. Chuireadh sé isteach orm go mbíodh siadsan ag caint i nGaeilge le mo mháthair agus ag caint Béarla liomsa. D'fhreagraínn i gcónaí i nGaeilge iad. Tharlaíodh an rud céanna dom nuair a bhínn ag freastal sa bheár i m'ógánach dom. Bhíodh na seanfhir ag caint i nGaeilge le chéile agus labhraíodh siad Béarla liomsa lena gcuid deochanna a ordú. Gaeilge ar fad a bhí sa bhunscoil againn, ach uair amháin de cheacht Béarla sa lá. Scríobhaimis aiste Ghaeilge agus Bhéarla in aghaidh na seachtaine don mháistir. Is minic a bhíodh sé ag gearán faoi Bhéarlachas inár gcuid aistí Gaeilge. Bhí cailín amháin sa rang agus mholadh sé ise as glaine a cuid Gaeilge. Níor thuig mé i gceart an chiall a bhí le Béarlachas nó go raibh mé níos sine. Bhí an dá theanga ag imirt tionchair ar a chéile. Is cinnte go raibh tionchar na Gaeilge ar mo chuid Béarla fosta. Níor chuir sin isteach nó amach orainne mar dhaoine óga, ach is léir gur ghoill sé ar dhaoine eile. Gaeilge a labhraíodh formhór déagóirí cheantar Ghort A' Choirce agus mise ag dul chun na meánscoile, ach bhí an Béarla in uachtar ansin. Lig údaráis na scoile orthu féin ar dtús go raibh iarracht ar siúl acu a bheith ag múineadh trí Ghaeilge ach dheamhan a gcos a bhí buartha fá dtaobh de. Choinnigh mé féin agus formhór mo chairde scoile orainn leis an Ghaeilge. Níorbh aon ualach í dúinn. Saibhriú mór ar mo shaol í an Ghaeilge is cuma cá mbím. Ní bheinn gan í! Rugadh agus tógadh Lillis Ó Laoire i nGort An Choirce, Tír Chonaill. D'oibrí sé ar feadh seacht mbliana déag in Ollscoil Luimnigh mar léachtóir le teanga agus litríocht na Gaeilge. Tá clú air mar amhránaí ar an sean-nós. Faoi láthair tá sé ina chónaí idir Los Angeles agus Gort An Choirce agus é ag saothrú a bheatha mar shaor-aistríthreoir, mar mhúinteoir agus mar amhránaí. Suímh Idirlín
Dlúthdhioscaí Leabhair & Fístéipeanna Nuachtáin
Eolas Teagmhála Lárionad Taighde ar Fhoghlaim na Gaeilge Foireann Seán Mac Giolla Ghunna Elaine Ní Bhraonáin Máire Ní Neachtain Tomás Ó h-Íde |
Fáilte! Fáilte chuig "Páistí le Gaeilge." Is í aidhm an tsuímh seo gach eolas faoi pháistí a thógáil le Gaeilge agus Béarla a chur in aon áit amháin. Anseo sa Lárionad Taighde ar Fhoghlaim na Gaeilge in Institiúid an Léinn Ghael-Mheiriceánaigh, tá an-suim ag na teangeolaithe i do chuid ceisteanna agus do chuid tuairimí. Scríobh chugainn le haon cheist, le focail don Fhoclóirín, nó le himeachtaí á n-eagrú agat. Léirmheas le Elaine Ní Bhraonáin
Gugalaí Gug! Is cuimhin liomsa an mhórchuid de na rannta seo agus mé ag éirí aníos. Is cuid den leanbaíocht Ghaelach iad. Cruthaíonn an ceol seo atmaisféar iontach in aigne an pháiste. Is bailiúchán é seo d’amhráin agus rannta don aos óg ach bainfidh an duine fásta sult as an dea-éisteacht seo. Tá go leor glórtha éagsúla le brath ar an dlúthdhiosca agus tá an glór sa chúlra ar fheabhas. Tá fonn ar leith ag gach rann. Tá sé an-nádúrtha mar tá Gaeilge dúchasach ag na páistí rud atá an-éasca agus pléisiúrtha le héisteacht leis. Freisin fágadh na botúin agus an gáire ann. Is as dhá scoil i gceantar Ghaeltacht na Gaillimhe, Leitir Mealláin agus Indreabhán do na páistí. Tá an t-aisteoir cáiliúil Tom Sailí Ó Flaithearta ag casadh ar an dlúthdhiosca freisin. Tá an leabhar iontach suimiúil agus tá sé maisithe go hálainn, lán de phictiúir ildaite. Tá leagan amach iomlán éagsúil ar gach leathanach. D’fhéadfadh páiste óg suí síos ina aonar agus an leabhar a léamh ag leanacht an dlúthdhiosca. Inseoidh do pháiste duit láithreach cé acu rann is fearr leis mar tá ‘chuile cheann go hiomlán éagsúil. Tá cluiche agus rabhlóga ar an dlúthdhiosca. Is faoi chúram Tadhg Mac Dhonnagáin a tháinig an tionscnamh Gugalaí Gug le chéile. Dhein sé an taighde ar na rannta iad féin, bhí sé mar stiúrthóir ar an gceol agus is eisean a scríobh an leabhar. Is cuid de shraith 3 leabhar & dlúthdhiosca é an bailiúchán. Tá na cinn eile ar fáil anois chomh maith, ‘sé sin Ceol na Mara agus Bliain na nAmhrán. www.futafata.com Foclóirín
Cén Ghaeilge a chuirtear air seo? * ciarsúr *ciarsúr páipéir * naipcín póca Inis dúinn cén focal atá in úsáid agaibh sa bhaile agus cén fáth. Seol freagra chugainn chuig focloirin@paistilegaeilge.com
|
|---|