Páistí le Gaeilge

Cartlann

Márta 2006
Aibreáin 2006 Leathanach Baile

Bealtaine 2006

Do leanbh agus an dátheangachas

Seol ceist faoi do leanbh agus an dátheangachas chuig gaeilge@paistilegaeilge.com .

Ceist: Rugadh leanbh dúinn i Mí Feabhra. Ba mhaith liom é a thógáil le Gaeilge mar a rinne tusa le do chuid páistí. Cén aois ar chóir nó ar ghá dom tosnú ar an Ghaeilge amháin a labhairt le mo mhac?

A Chara : "Inniu!" an freagra gearr!

De ghnáth, is fearr go mbeadh an tuismitheoir nó na tuismitheoirí ag labhairt Gaeilge amháin leis an leanbh ón am ar rugadh é nó í. Beidh tusa ceart go leor le tús a dhéanamh anois, ach mar riail, ba cheart úsáid a bhaint as an teanga ón gcliabhán más mian leat go mbeadh Gaeilge amháin nó Gaeilge agus Béarla ag do chlann mar chéad teanga.

Go minic, is fearr le tuismitheoirí go mbeadh an leanbh ag foghlaim an dara teanga sa scoil. Mar shampla, má tá Gaeilge ag an mbeirt thuismitheoirí, b'fhéidir nach mbeidh an páiste ag foghlaim Béarla roimh an chéad bhliain sa bhunscoil. Freisin, bíonn go leor tuismitheoirí ar fud na hÉireann ag labhairt Béarla amháin sa teach agus ní bhíonn an páiste ag foghlaim Gaeilge sula dtéann sé ar scoil. Más mian leat go mbeadh Gaeilge mar chéad teanga aige, caithfidh tú í a labhairt leis an bpáiste ó aois an-óg.

Ná déan dearmad, nuair a bhíonn leanbh ag foghlaim teanga is í an tréimhse chiúin an chéad chéim. Roimh an chéad chúpla focal a rá, is féidir le páiste an teanga a chloisteáil ó dhaoine fásta agus ó pháistí eile. Creidim go bhfuil sé an-tábhachtach don leanbh Gaeilge a chloisteáil i rith na tréimhse seo. Agus caithfidh an teanga a bheith ag an bhfeighlí páistí. Roimh dhá bhliain d'aois, ní bheidh an teilifís nó an raidió an-chúntach le teanga a mhúineadh. Is é an tuismitheoir féin, an duine atá ag tabhairt aire don pháiste, an duine a mbeidh an leanbh ag éisteacht leis.

Ní hamháin go bhfuil sé tairbheach don pháiste a bheith ag tosnú ar Ghaeilge a labhairt ag aois an-óg, ach freisin beidh sé níos éasca duitse a bheith ag tosnú go luath. Is caidreamh Gaelach a bheidh agat le do mhac. Beidh tú ag labhairt Gaeilge leis agus é ina leanbh, ina ghasúr, ina dhéagóir…. Tar éis cúpla mí beidh sé an-nádúrtha Gaeilge a labhairt leis. Má tá Béarla amháin ag do bhean chéile, beidh sé tairbheach tús luath a bheith agaibh leis an dátheangachas freisin. Tá sé deacair dhá theanga a bheith agaibh sa teach ach sin ábhar d'aiste eile!

leis an Ollamh
Tomás Ó h-Íde

___________

Eolas Teagmhála

Lárionad Taighde ar Fhoghlaim na Gaeilge
Institiúid an Léinn Ghael-Mheiriceánaigh
188 Halla Carman
Coláiste Lehman
Ollscoil Chathair Nua-Eabhrac
250 Bedford Park Blvd. W.
Bronx, NY 10468
Fón: ++1-718-960-5531
Facs: ++1-718-960-5550
larionad@paistilegaeilge.com

Foireann

Seán Mac Giolla Ghunna
Comhairleoir
sean@paistilegaeilge.com

Elaine Ní Bhraonáin
Comhordaitheoir
elaine@paistilegaeilge.com

Máire Ní Neachtain
Comhairleoir
maire@paistilegaeilge.com

Tomás Ó h-Íde
Stiúrthóir
tomas@paistilegaeilge.com

 

 

 

 

 

Nuair a bhí mé óg...

[Ar tógadh tú le Gaeilge? Scríobh chugainn do scéalsa.]

Gaeilge ar fad a bhíodh á labhairt againn agus muid inár ngasúir. Bhí ochtar againn sa teaghlach agus ba mise an dara duine ab óige. Go deimhin, is cuimhneach liom go maith gan a bheith in ann Béarla a labhairt. Caithfidh sé go mbeinn trí nó ceithre bliana d'aois ag an am. An chúis go gcuimhním chomh maith sin air ná go mbíodh col ceathracha as cathair na Gaillimhe agus as Londain Shasana ag teacht ar saoire chugainn sa samhradh. Ní bhíodh acusan ach Béarla, ar ndóigh, agus is cuimhneach liom gan Béarla a bheith agam le labhairt leo! Ach bhain muid ceart dá chéile, mar is nós le gasúir ó chúlraí éagsúla a dhéanamh. D'fhoghlaim mise Béarla uathu agus freisin sa mbunscoil, ar ndóigh.

Ní raibh aon teilifís againn agus muid inár ngasúir mar go raibh muid inár gcónaí ar oileán beag, Inis Treabhair, a bhí breis agus míle amach i bhfarraige. Ní raibh leictreachas, uisce reatha, siopa, teach ósta ná séipéal ar an oileán. Bhíodh orainn dul amach chuig an Aifreann chuile Dhomhnach i gcurrach adhmaid, agus bhíodh ar m'athair dul amach ag siopadóireacht agus ag obair go rialta. Corruair ligtí amach muid le cuairt a thabhairt ar chathair na Gaillimhe ar ócáidí áirithe, agus ba lá mór a bhíodh ansin dúinn. Freisin, théadh muid amach chuig na rásaí currach a bhíodh i Leitir Móir agus i gCill Chiaráin, agus ag deireadh an tsamhraidh gach bliain thugadh muid cuairt ar Chnoc Mhuire.

Timpeall ceathracha duine a bhí ina gcónaí ar fad ar an oileán, i sé theaghlach. Bhí níos lú ná scór duine ag an scoil. Bhí an ghráin againn ar an scoil den chuid is mó.

Bhraith mise an t-oileán an-teoranta, an-sáinnithe. Bhíodh go leor oibre le déanamh againn ar fheirm bheag a bhí againn, gach lá tar éis na scoile agus ar an deireadh seachtaine. Is beag caitheamh aimsire a bhíodh againn. B'fhéidir gur mar gheall air sin a bhíodh muid ag léamh go leor, i nGaeilge agus i mBéarla. Bhíodh mo mháthair ag léamh dúinn agus muid an-óg. Is cuimhneach liom í a bheith ag léamh scéalta dúinn ar nós Jimín Mháire Thaidhg, Séadna, scéalta a scríobh Sinéad Bean de Valera, agus go leor de leabhair Enid Blyton, a bhí an-fhaiseanta ag an am. Léadh sí caibidil san oíche dúinn nó mar sin, nó go raibh sé ar ár gcumas féin iad a léamh.

Ós rud é go raibh cónaí orainn ar oileán, bhí orainn freastal ar mheánscoil chónaithe. Chuaigh mise chuig Coláiste Éinde i nGaillimh sa mbliain 1975. Bhíodh roinnt mhaith Gaeilge á labhairt sa gColáiste san am úd mar go mbíodh scoláirí ó Oileáin Árann agus ó cheantair eile i gConamara ann. Dá bhrí sin, bhí mise in ann mo chuid ábhar ar fad a fhoghlaim trí Ghaeilge nach mór. Chomh maith leis sin, bhí béim ar dhrámaíocht agus ar dhíospóireachtaí Gaeilge ann agus bhínn páirteach iontu. Ina dhiaidh sin chaith mé sé bliana ag freastal ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, áit a ndearna mé staidéar ar ábhair éagsúla, ina measc an Ghaeilge agus an Stair. Ba trí Ghaeilge a rinne mé m'iarchéim sa Stair.

Ní tharlódh sé sa lá atá inniu ann nach mbeadh Béarla ag páistí óga. Tá na meáin chumarsáide atá timpeall orainn chomh láidir cumhachtach sin. Fiú sna ceantair Ghaeltachta is iargúlta, tá fáil ar go leor bealaí éagsúla teilifíse, nuachtáin, irisí, stáisiúin raidió srl., agus iad ar fad nach mór i mBéarla. Béarla teanga na ríomhairí is na gcluichí nua-aoiseacha a mbíonn páistí ag spraoi leo. Gan bacadh le ceannas ceann an Bhéarla agus cultúr an Bhéarla in Éirinn, tá Meiriceá ar thaobh amháin dúinn agus Sasana ar an
taobh eile.

As Inis Treabhair i gCeantar na nOileán do Mhicheál Ó Conghaile ó dhúchas, ach tá cónaí air in Indreabhán anois. Scríbhneoir agus foilsitheoir atá ann. I measc na leabhar atá scríofa aige tá An Fear a Phléasc, An Fear Nach nDéanann Gáire, Sna Fir, Seachrán Jeaic Sheáin Johnny agus an leabhar staire Conamara agus Árainn: Gnéithe den Stair Shóisialta 1880-1980. Is é a chuir eagar ar an an leabhar amhrán Croch Suas É! Tá drámaí Martin McDonagh aistrithe go Gaeilge aige, agus tá dráma, Cúigear Chonamara, scríofa aige. Tá go leor duaiseanna bronnta air as a chuid scríbhneoireachta agus tá sé ina bhall d'Aos Dána. Is é a bhunaigh an comhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnachta sa mbliain 1985, comhlacht a bhfuil breis agus 300 leabhar agus 200 caiséad/dlúthcheirnín foilsithe aige faoi seo. Is féidir níos mó eolais a fháil faoi Mhicheál agus faoi Chló Iar-Chonnachta ag www.cic.ie

Foinsí

Suímh Idirlín

Dlúthdhioscaí

Leabhair & Fístéipeanna

Nuachtáin

 

 

Fáilte!

Fáilte chuig "Páistí le Gaeilge." Is í aidhm an tsuímh seo gach eolas faoi pháistí a thógáil le Gaeilge agus Béarla a chur in aon áit amháin. Anseo sa Lárionad Taighde ar Fhoghlaim na Gaeilge in Institiúid an Léinn Ghael-Mheiriceánaigh, tá an-suim ag na teangeolaithe i do chuid ceisteanna agus do chuid tuairimí. Scríobh chugainn le haon cheist, le focail don Fhoclóirín, nó le himeachtaí atá á n-eagrú agat.

Léirmheas

Cathal Coinín agus cairde beaga eile.
Le Gearóidín Breathnach

Údar: Gearóidín Breathnach as Rinn na Feirste ó dhúchas a chum na scéalta seo agus is ise atá le cloisteáil ar an dlúthdhiosca. Tá cáil uirthí mar amhránaí agus mar scéalaí.

Cur síos: Leabhar beag spéisiúil atá oiriúnach do pháistí idir 3-7 bliana. Tá dearadh agus cruth suimiúil air. Phiocfainn suas an leabhar seo thar leabhair eile mar gheall ar na dathanna geala a úsáidtear sa phictiúr ar chlúdach an leabhair. Tá dlúthdhiosca leis an leabhar seo. Is cainteoir dúchais Gaeilge as Gaeltacht Thír Chonaill í Gearóidín agus sí canúint an Tuaiscirt canúint an dlúthdhiosca seo. Tá leagan amach den chéad scoth ar an leabhar agus tá gach leathanach lán de chló soiléir agus tá pictiúr ar an-chuid díobh. Tá an leabhar seo an-áisiúil do pháíste a bheadh ag léamh an leabhair leis/léi féin; tá an cló an-éasca le léamh agus coimeádtar aird an pháiste toisc go bhfuil na leathanaigh lán de phictiúir áille.

Bheadh páiste in ann éisteacht leis an dlúthdhiosca agus an leabhar a leanúint go héasca agus an-sult a bhaint as. Tá na scéalta gearr agus greannmhar iad ar fad iomlán éagsúil óna chéíle, agus lán de charachtair éagsúla. Tá ceisteanna ar chúl an leabhair, rud a dhéanann an leabhar níos suimiúla fós.

Leabhar le dlúthdhiosca

Praghas €14.00

ISBN 1 902420 05 5

http://www.cic.ie/cgi-bin/product.asp?idproduct=553

le Elaine Ní Bhraonáin

________________

Foclóirín

Cén Ghaeilge atá air seo?

* áit imeartha

* áit spraoi

* áit súgartha

* clós imeartha

* clós spraoi

* clós súgartha

* láthair spraoi

* láthair súgartha

* páirc imeartha

*páirc spraoi

* suíomh spraoi

Inis dúinn cén focal atá in úsáid agaibh sa bhaile agus inis dúinn cén fáth.

Seol freagra chugainn chuig focloirin@paistilegaeilge.com