Do leanbh agus an dátheangachas
Seol ceist faoi do leanbh agus an dátheangachas chuig gaeilge@paistilegaeilge.com .
Ceist: Tá mo mhac 3 bliana d'aois agus ag freastal ar naíonra Béarla. Bíonn mé féin ag labhairt Béarla leis agus bíonn mo fhear céile ag labhairt Gaeilge leis sa mbaile. Bhí cruinniú agam leis an múinteoir sa naíonra an tseachtain seo caite agus dúirt sí gur cheart dúinn Béarla amháin a labhairt sa mbaile mar go mbíonn mo mhac ag meascadh na dteangacha agus dá bhrí sin go bhfuil mearbhall air. Céard é do thuairim?
A Chara: Tá mé cinnte go raibh an múinteoir ag iarraidh comhairle mhaith a chur ort agus tá sé deacair dom a bheith ag scríobh faoi do chás féin gan aithne a bheith agam ar do mhac. Ach de ghnáth bíonn páiste le dhá theanga ón gcliabhán ag meascadh an dá theanga idir 2 agus 4 bliana d'aois. Níl mearbhall ar an bpáiste; is gnáthchéim í sin le dhá theanga a fhoghlaim. Ag an gcéim seo, bíonn páiste ag caint Gaeilge le cúpla focal Béarla anseo is ansiúd nó ag caint Béarla le cúpla focal Gaeilge anseo is ansiúd. Mar shampla, as Gaeilge, bíonn abairtí mar "ba mhaith liom go on the bád" nó "ba mhaith liom suí síos and play" le cloisteáil. Uaireanta, cloiseann tú focail mar "teefla" (teeth agus fiacla le chéile) nó "fomra seolctha" (seomra folctha). Níl mearbhall ar an bpáiste ar chor ar bith, ach tá na habairtí mar seo nádúrtha ag an aois seo.
Is tábhachtach go mbeidh an múinteoir nó tú féin ag taispeáint don pháiste go bhfuil míthuiscint ann, nach dtuigeann tú é nuair a bhaineann sé úsáid as focal Gaeilge ina chuid Béarla agus caithfidh do fhear céile an rud céanna a dhéanamh nuair a bhaineann sé úsáid as focal Béarla ina chuid Gaeilge. Tar éis tamaillín (cúpla mí nó cúpla bliain) beidh sé in ann Béarla agus Gaeilge a labhairt gan iad a mheascadh.
Caithfidh muid bheith cúramach faoin méid tuairimí a bhíonn daoine eile ag tabhairt dúinn faoi fhoghlaim teangacha. Bíonn neart saineolais ag neart teangeolaithe maidir le foghlaim teangacha agus bíonn neart eolais freisin ag múinteoirí dátheangacha agus ag teiripeoirí urlabhra. Ach is annamh a bhíonn seans ag an ngnáthmhúinteoir bunscoile nó dochtúir (leanbhlia, péidiatraí) staidéar a dhéanamh ar na céimeanna foghlama teangacha. Mar sin caithfidh muid bheith an-chúramach nuair atá duine mar sin ag tabhairt moltí dúinn faoi cén chaoi a bheith ag labhairt lenár gcuid páistí.
leis an Ollamh
Tomás Ó h-Íde

|
|

Nuair a bhí mé óg...
[Ar tógadh tú le Gaeilge? Scríobh chugainn do scéalsa.]
B’as an Spidéal do mo dheaide Pádhraic, go ndéana Dia grásta air, agus is as an Tulach Seasta i dTiobraid Árann do mo mháthair Neilí. I mBaile Átha Cliath a chas siad ar a chéile, agus nuair a chinn siad ar phósadh aontaíodh gur sa nGaeltacht a chónóidís agus gurbh í an Ghaeilge amháin teanga an teaghlaigh. I Ros Muc a chaith mé an chéad cheithre bliana agus sa Spidéal a tógadh mé ina dhiaidh sin agus is ann atá cónaí orm anois. Ní cuimhin liomsa cúrsaí teanga ar chor ar bith, rud suntasach ann féin mar gur chuala mé an dá theanga. Ba mhinic a thug muid cuairt ar mhuintir mo mháthar. Ní raibh Gaeilge ar bith sa bpobal sin agus ní cuimhin liomsa ná le mo dheartháir ná mo dheirfiúracha nach raibh ar ár gcumas labhairt leo ach is iomaí scéal a insíonn na gaolta dúinn fúinne a bheith leo agus gan aon Bhéarla againn. Sílim féin go bhfuil seo inspéise mar is cinnte gur gné mhór de shaol an duine cumarsáid a dhéanamh ach is léir nár bhraith muide go raibh muid taobh amuigh den chomhluadar agus muid gan Bhéarla: b’iad an dream a raibh an Béarla acu a thug suntas dúinne gan Béarla, ní fhaca muide nach raibh Gaeilge acu-san agus níorbh ait linn easpa Béarla!
Níl aon chuimhne agam ar a bheith ag sealbhú Gaeilge ná Béarla ach is cinnte go bhfuil an-chuimhní agam ar Dheaideo a bheith ag aithris rannta dúinn ..... “Scéal, scéal, scéal, drioball ar an éan,”.... b’fhada ina dhiaidh sin gur thuig mé gur “eireaball” an litriú caighdeánach ar “drioball”! Ba bhreá liom a bheith in ann scéal Shiubháinín agus Dhónaillín a inseacht anois! Bhíodh mada dárbh ainm Scrufaí ag Deaideo. Bhí mé i mo chailín fásta nuair a thuig mé gur ón mBéarla scruffy a tháinig an t-ainm! Ní rithfeadh sé liom go mbeadh Béarla ar bith i gcaint Dheaideo! Deirtear liom go raibh Béarla againn faoin am a raibh muid naoi nó deich mbliana agus sin an t-athrú is mó a fheicimse anois maidir le páistí Gaeltachta a thógtar le Gaeilge amháin, bíonn Béarla acu i bhfad Éireann níos túisce ná mar a bhí againne. Feicim le páistí mo mhuintire féin é, gasúir gan inchur díreach Béarla ar bith acu, tá siad in ann iad féin a chur in iúl i mBéarla in aois a ceathair, léiriú ar uileláithreacht an Bhéarla in ár n-ainneoin fiú!
Rugadh agus tógadh Máire Ní Neachtain i nGaeltacht na Gaillimhe. Is léachtóir le Gaeilge í i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh. Sa tsochtheangeolaíocht is mó atá a spéis gairmiúil ach tá luí ar leith aici le drámaíocht na Gaeilge freisin. Tá spéis mhór ag Máire sna healaíona dúchasacha agus tá sí gníomhach in imeachtaí pobail sa Spidéal. Tá sí ar bhord stiúrtha Forbairt Naíonraí Teoranta eagras a dhéanann cúram do sheirbhísí cúraim agus oideachais trí Ghaeilge do pháistí.
|