Iúil-Lúnasa 2006
 

Do leanbh agus an dátheangachas

Seol ceist faoi do leanbh agus an dátheangachas chuig gaeilge@paistilegaeilge.com .

Ceist: Labhraímid Gaeilge sa mbaile. Tá ár mac ag freastal ar an mbunscoil. Tá a fhios againn go labhraíonn an múinteoir Gaeilge leo, ach tuigimid go mbíonn na páistí ag labhairt Béarla le chéile i gclós na scoile. Ba mhaith linn go mbeadh níos mó cleachtadh aige ag labhairt Gaeilge le páistí den aois chéanna. Céard is féidir linn a dhéanamh?

A Chara: Bíonn Gaeilge agus Béarla ag an chuid is mó de na daltaí a bhíonn ag freastal ar Ghaelscoileanna sa Ghalltacht agus ar bhunscoileanna sa Ghaeltacht. Dá bhrí sin, ní bheadh aon iontas orainn go mbeimis ag cloisteáil idir Bhéarla agus Ghaeilge i rith an lae sa scoil le linn aon ghníomhaíocht saoire ar nós am amuigh i gclós na scoile.

Sa Ghalltacht, áit a dtagann neart páistí chun na Gaelscoile gan mórán Gaeilge, tuigimid go mbeidh ról láidir ag an mBéarla taobh amuigh den rang. Sa Ghaeltacht inniu, feicimid nach bhfuil máistreacht ar an nGaeilge ag duine as ceathrar dalta. Tuigimid cén fáth go bhfuil Gaeilge agus Béarla le cloisteáil i gclós na scoile, ach cén fáth a bhfuil Béarla le cloisteáil chomh minic agus atá sé? Sin ceist d'alt eile. Ach anois, céard is féidir leat a dhéanamh le do mhac?

Tuigimid nach féidir linn lánsmacht a chur ar an gcaint taobh amuigh den rang. Is páistí dátheangacha iad. Ach mar a dúirt tú, tá sé tábhachtach cleachtadh a bheith ag na páistí ar labhairt le chéile as Gaeilge. Más maith linn go mbeidh an teanga beo i gceann dhá scór bliain, caithfidh siad í a labhairt ní hamháin le daoine aosta, ach le daoine den aois chéanna freisin. Má tá clann mhór agaibh, beidh go leor deiseanna ag do pháistí Gaeilge a labhairt le chéile. Le clann bheag, go minic beidh sé áisiúil "teacht le chéile" a eagrú le clann eile. Más féidir leat caidreamh a fhorbairt le cúpla clann, beidh seans ag beirt, triúr nó ceathrar spraoi le chéile le tuismitheoir amháin nó beirt chun aire a thabhairt dóibh. Nuair a bheidh tú thart, de ghnáth, ní chaithfidh tú ach cúpla focal Gaeilge a rá agus beidh siad ag malartú ar ais go Gaeilge. Mar shampla, nuair a thosaíonn siad ag béarlóireacht, níl le rá agat ach: "A Shéamais, cén chaoi a bhfuil do mhamó? Chonaic mé í sa tsráidbhaile Dé Domhnaigh." Tar éis dó rud éigin mar "Go maith" a rá, tá seans ann go mbeidh Séamas agus do mhac ag caint as Gaeilge arís ar feadh cúpla nóiméad go dtí an chéad uair eile nuair a bheidh siad ag malartú ar ais go Béarla. Go minic, ní thugann páistí faoi deara go mbíonn siad ag malartú ó theanga amháin go teanga eile. Is féidir "Gaeilge le bhur dtoil: is dáta spraoi le Gaeilge é seo" a rá freisin. Tar éis cúpla teacht le chéile leis na páistí céanna agus aire á thabhairt dóibh go minic, beidh sé mar ghnáthrud ag na páistí labhairt as Gaeilge amháin sa chomhthéacs seo. Ach beidh seans ann i gcónaí go mbeidh siad ag códmhalartú go Béarla nuair a bheidh siad ag iarraidh focal atá ar eolas acu as Béarla amháin a rá nó úsáid a bhaint as focal Béarla atá faiseanta!

leis an Ollamh
Tomás Ó h-Íde

 

Nuair a bhí mé óg...

[Ar tógadh tú le Gaeilge? Scríobh chugainn do scéalsa.]

D 'fhéadfá a rá gur Gaeltacht idirnáisiúnta í an Ghaeltacht inar rugadh agus tógadh mé féin agus mo dheirfiúr. I nGaeltacht Bhóthar Seá, in iarthar Bhéal Feirste, ní hé amháin go labhraítear an Ghaeilge, ach labhraítear fosta an Bhreatnais agus an Phortaingéilis!

Sa teach s 'againne, bíonn Gaeilge agus Breatnais á labhairt. Is as Béal Feirste do theaghlach m 'athar agus is as Abertawe (Swansea), sa Bhreatain Bheag, do mo mháthair. Tá an Bhreatnais ag teaghlach mo mháthar le blianta fada, ach tá an Ghaeilge ina teanga 'nua ' mar dhea, ag teaghlach m 'athar. Bhí Gaeilge réasúnta maith ag mo sheanathair agus beagán ag mo sheanmháthair agus mar gheall air sin chinn roinnt dá gclann staidéar a dhéanamh ar an teanga ar scoil agus ar an ollscoil. Bhí an-bhaint acu sin le reáchtáil bunscoileanna lán-Ghaeilge in iarthar Bhéal Feirste. Breis is tríocha bliain níos moille, tá Gaeilge ag mórchuid mo chol ceathracha agus tá siad ag tógáil a gcuid páistí féin le Gaeilge.

De réir na leabhar, agus de réir go leor daoine, is drochrud é páistí a thógáil le cúpla teanga. Na créatúir, ní bheidh siad in ann aon teanga a labhairt mar is ceart - beidh siad ag meascadh na dteangacha le chéile! Bhuel, ní mar a shíltear a bhítear. Cé gur minic a mheasc mé na teangacha nuair a bhí mé an-bheag, stad mé de sin i ndiaidh tamaill, agus ó shin i leith, ní raibh riamh fadhbanna den chineál sin arís agam.

Gach bliain, sa samhradh, ag an Nollaig agus ag an Cháisc, ba ghnách linn cuairt a thabhairt ar an teaghlach sa Bhreatain Bheag agus ar an ábhar sin bhínn féin agus mo dheirfiúr cleachtaithe go maith ar úsáid na Breatnaise mar ghnáth-theanga laethúil sa phobal. Mar sin de, níor smaoinigh mé riamh gur teanga aisteach a bhí inti a chum mo mháthair, b 'fhéidir!

D 'fhoghlaim mé Béarla ó mo chairde agus ó dhaoine muintire dom gan Ghaeilge. Níl a fhios agam cén uair a d 'éirigh mé líofa, ach is cuimhin liom smaoineamh nuair a bhí mé ar an bhunscoil gurbh aisteach an teanga í. Cad chuige a dúirt daoine 'know ' ar an bhealach ceánna le 'no '? Mistéir mhór don fhoghlaimeoir Béarla!

Ag deireadh an lae, i ndiaidh dom freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge, ar mheánscoil Bhéarla, agus ar ollscoil Bhreatnaise, ní dhearna an trítheangachas aon dochar dom. Go fírinneach, rinne sé a mhalairt. Bhí sé i gcónaí furasta agam teangacha eile a fhoghlaim ar scoil agus ar an ollscoil. Agus mé anois sétheangach, tá mé an-bhuíoch gur tógadh sa Ghaeltacht mé!

Rugadh agus tógadh Tegau Andrews i mBéal Feirste, i nGaeltacht Bhóthar Seá. Tá sí anois ina cónaí sa Bhreatain Bheag agus í ag déanamh taighde le haghaidh dochtúireachta in Ollscoil Bangor. Tá sí ag déanamh staidéir ar an chleachtas atá ag aistritheoirí agus iad ag aistriú an téacs atá ar shuímh ghréasáin ó theanga go teanga, agus beidh an Bhreatnais san áireamh. Mar chuid den staidéar sin beidh sí ag obair i bpáirt leis an chuideachta scannánaíochta, Cwmni’r Nant. Is breá léi bheith ag taisteal, ag seinm ceoil agus ag baint sult as an chraic sa Bhreatain Bheag.

 
 

 

Léirmheas

Damhsa na gCoiníní An Comhchoiste Réamhscolaíochta Teo 1994

32 amhrán, rann agus suantraí gearra á gcanadh ag cór de pháistí bunscoile, páiste ina aonar, agus ag duine fásta freisin. Tá an ceol agus na focail sa leabhar agus na hamhráin an-éasca le héisteacht leo agus iad a fhoghlaim. Tá an ceol ar fad ar chaighdeán iontach ard.

 
 

Is sean-amhráin thraidisiúnta agus amhráin nuachumtha bríomhara iad, a mhúintear i ngach scoil Ghaelach agus i scoileanna Béarla chomh maith. Tá meascán maith d’ábhar éagsúla sna hamhráin. Tá an leabhrán & téip seo oiriúnach do pháistí bunscoile. Tá amhráin agus rannta simplí ann a bheadh oiriúnach do pháistí ó naíonáin shóisir ar aghaidh agus cuid de na hamhráin agus rannta casta go leor a bheadh oiriúnach do pháistí níos sine, go háirithe páistí atá in ann ceol a léamh.

Rud amháin diúltach a thug mé faoi deara maidir leis an leabhrán Damhsa na gCoiníní ná, dar liom, go mbeadh sé deacair aird agus suim pháiste (páiste óg go háirithe) a choimeád sa leabhar féin mar gur leabhar teagaisc a bhfuil ceol ann é agus níl pictiúir ann ach foghlaimeoidh páiste na hamhráin an-sciobtha agus é ag éisteacht leis an téip.

D’fhoglaim mé an chuid is mó de na hamhráin seo agus mé ar scoil. Damhsa na gCoiníní, Mairín Bhán agus Bádóirín as Acaill na hamhráin is fearr liom. Is féidir Damhsa na gCoiníní a cheannacht ag www.litriocht.com .

NB1 – D’athfhoilsigh Forbairt Naíonraí Teo, comharbaí An Chomhchoiste Réamhscolaíochta an leabhrán agus an téip seo mar dhlúthdhiosca agus leabhrán anuraidh. Is féidir é a cheannach ó FNT freisin ( http://www.naionrai.ie/ ). Tá na focail soiléir ag na páistí: cór Scoil Naithí atá ann faoi stiúir Phádraicín Ní Mhaoláin agus thabharfá an leabhar gur cainteoirí dúchais iad na gasúir cé gur as scoil lán-Ghaeilge i mBÁC iad. Is rannta dúchasacha ón traidisiún iad agus is sampla maith é den obair a dhéanadh sna hochtóidí nuair nach raibh ábhar ar bith mar seo ar fáil do thuistí a bhí ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge.

NB2 - Is cuimhin liom ar am agus mé i gcór Scoil Naithí (ó 1985-92) agus rinne muid taifead de an-chuid amhrán agus foilsíodh iad ar fad ar téip. Bhí Iníon Uí Mhaoláin mar phríomhoide na scoile agus mar stiúrthóir an choir; is Damhsa na gCoiníní é. Tá an téip ag m'athair áit éigin sa bhaile; bhí dearmad glan déanta agam air go dtí anois.

Léirmheas le Elaine Ní Bhraonáin