Do leanbh agus an dátheangachas
Seol ceist faoi do leanbh agus an dátheangachas chuig gaeilge@paistilegaeilge.com .
Ceist: Labhraím Gaeilge le mo chuid gasúir (3 & 5) agus labhraíonn mo bhean Béarla leo. Níl mórán Gaeilge aici. Is mise a bhíonn ag tabhairt aire dóibh an chuid is mó den am agus dá bhrí sin, is í an Ghaeilge príomhtheanga an teaghlaigh. Le triúr ag labhairt Gaeilge an t-am ar fad, níl mo bhean in ann gach uile rud atá ag tarlú a thuiscint agus ní cheapaim gurb é sin an rud is fearr dár dteaghlach. C éard a mholann tú?
A Chara: An bhfuil do bhean chéile in ann níos mó Gaeilge a fhoghlaim? Nó an féidir libh Béarla a labhairt nuair atá sibh le chéile sa chistin nó sa charr? Sin na sórt buncheisteanna atá ag rith liom i dtús báire.
Go minic, is í an mháthair an duine a bhíonn ag labhairt na mionteanga. Sa teaghlach traidisiúnta, ní bhíodh an t-athair thart go minic, agus dá mbeadh sé ag obair i monarcha, bhíodh na páistí sa leaba nuair a thagadh an t-athair abhaile tar éis dó a bheith ag obair ar feadh an lae ar fad. Ní bhíodh an teaghlach ar fad le chéile ach amháin ar an Domhnach sa chás sin. Bhíodh na páistí ag foghlaim na teanga óna máthair (agus ón tseanmháthair) i bhfad níos mó ná ón athair. Sin le rá go mbíodh ról níos láidre ag tuismitheoir amháin. Ach inniu, buíochas le Dia, bíonn níos mó ama ag tuismitheoirí agus ag a gclann le caitheamh le chéile. Agus uaireanta nuair a bhíonn bean an tí ag obair taobh amuigh den teach, bíonn an t-athair ag caitheamh níos mó ama lena chuid páistí.
Nuair atá tuismitheoir amháin dátheangach agus an tuismitheoir eile le Béarla amháin, ba cheart don Bhéarlóir tús a chur le foghlaim na Gaeilge chomh luath agus is féidir leis nó léi. Mar sin, nuair a bheidh do mhac nó d’iníon 3 nó 4 bliana d'aois beidh tuairim agat céard faoi a bhfuil an tuismitheoir eile agus an páiste ag caint. Ní féidir le duine fásta teanga a fhoghlaim i samhradh amháin ná i mbliain amháin.
Slí amháin eile le Béarla a labhairt ná nuair a bhíonn sibh le chéile ag an mbord sa chistin ag ithe nó sa charr ag tiomáint áit éigin. Sa chás nach bhfuil mórán Gaeilge ag tuismitheoir amháin agus go bhfuil Gaeilge agus Béarla líofa ag do chlann, is féidir libh triail a bhaint as Béarla a bheith á labhairt nuair a bhíonn an teaghlach ar fad le chéile. Ní mholaim é seo a dhéanamh mura bhfuil Gaeilge líofa ag do mhac nó ag d'iníon. Má tá sé nó sí ag meascadh focail Ghaeilge le focail Bhéarla fós, ba cheart duit Gaeilge amháin a labhairt leis nó léi. Freisin, má tá sibh ag tosú le Béarla a labhairt mar theaghlach, beidh sé an-tábhachtach Gaeilge amháin a labhairt go fóill nuair a bheidh an tuismitheoir dátheangach ina aonar leis na páistí.
Má tá aon duine eile ag plé leis an gcás seo, ba bhreá liom do scéal a cloisteáil. Scríobh chugam ag tomas@paistilegaeilge.com .
leis an Ollamh
Tomás Ó h-Íde

|
|
Nuair a bhí mé óg...
[Ar tógadh tú le Gaeilge? Scríobh chugainn do scéalsa.]
Rugadh agus tógadh mo mhuintir ar an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe. Tá an Cheathrú Rua í gcroílár na Gaeltachta: mar sin is í an Ghaeilge a bhíonn á labhairt ag chuile dhuine.
Bhí mé i gcónaí an-bhródúil gurbh í an Ghaeilge an chéad teanga a bhí agam. Tá go leor buntáistí ag daoine a labhraíonn Gaeilge, ceann de na buntáistí seo ná go bhfaigheann daoine a labhraíonn deontais gach bliain ón Roinn Oideachais. Tagann na mílte scoláirí gach go dtí an Cheathrú Rua ó cheann ceann na tíre chun Gaeilge a fhoghlaim.
Ceantar beag ciúin a bhí san áit a raibh cónaí orm mar sin gach bliain ó mhí Bealtaine amach bhíodh muid ag súil go mór leis na Gaeilgeoirí theacht go dtí an ceantar. Bhíodh Gaeilgeoirí ag fanacht sa teach béal dorais. Bhíodh na Gaeilgeoirí ag tabhairt cúnamh dúinn Béarla a labhairt agus bhíodh muide ag tabhairt cúnamh dóibh féin leis an nGaeilge.
Is cuimhneach liom nuair a bhí mé óg dul isteach go dtí cathair na Gaillimhe. Is iomaí uair istigh sna siopaí a labhair mé Gaeilge, bhíodh an siopadóir ag féachaint orm mar nach raibh a fhios aige céard a bhí á rá agam. Bhí sé deacair a bheith ag cumarsáid leo mar fíorbheagán Béarla a bhí agam.
Nuair a bhí mé dhá bhliain déag d`aois ghlac mé páirt i ndíospóireacht. Bhí grúpa láidir againn agus bhíodh muid i gcomórtais le scoileanna Gaeltachta eile. Thug sé seo deis dúinn dul timpeall na tíre. Thug muid cuairt ar Bheál Feirste, ar Thír Chonaill, ar Chorcaigh agus ar Chiarraí. Is minic a bhí an bua againn.
Bhí an t-ádh orm gur tógadh le saibhreas na Gaeilge mé, anois agus mé naoi mbliana déag d`aois tá an t-ádh liom go bhfuil Gaeilge agus Béarla líofa agam.
Rugadh agus tógadh Bríd Nic Dhonnacha i gCo. na Gaillimhe. Chuaigh sí ag bunscoil agus meán scoil lán Gaeilge agus anois tá sí ag freastal ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Tá sí ag déanamh banaltracht ansin. Is cúrsa cheithre bliana atá ann. |